RTÉ Cláracha Gaeilge | Call for Ideas for BAI round

Mon 18th May 2015



Tá cáil mhaith ar Theilifís RTÉ maidir le cláracha ar ardchaighdeán i nGaeilge agus faoin nGaeilge a chur ar fáil. Is fada muid ag cur ábhar agus scéalta uathúla faoi bhráid an lucht féachana i gcroílár sceidil RTÉ, go háirithe ar RTÉ One.

I measc na gCláracha Gaeilge le déanaí bhí Scannal, sraith atá ar bun le fada, chomh maith le Abhainn agus Cloch le Carn. Sraitheanna ilpháirte aon cheamara iad ar fad a léirítear in RTÉ agus a thaispeántar de ghnáth ar an Luan ar RTÉ One ag 19.30. Tá roinnt tionscadal a comhléiríodh agus a comhmaoiníodh i craolta le roinnt blianta againn, ina measc Deirfiúracha na hEolaíochta [BAI], Oíche na Gaoithe Móire [BBC N.I./ILBF/BAI], Guth na nGael [BAI] agus Wolfland [RTÉ/BBC N.I./ILBF/BAI].

Roimh Bhabhta Coimisiúnaithe Fuaim agus Fís in mí Iúil, tá Cláracha Gaeilge anois ag lorg moltaí a d’fhéadfaí a chraoladh i sceidil RTÉ One agus RTÉ 2. Táimid ag lorg moltaí nua a phléann le gach gné den saol in Éirinn sa lá atá inniu ann. Scéalta téagartha atáimid a lorg sna moltaí a mbeadh carachtair ina gcroílár, ábhar arna léiriú i nGaeilge a bheadh tarraingteach do raon leathan den phobal.

Féadfar moltaí a chur ar aghaidh do shraitheanna ilpháirte a d’fhéadfaí a thaispeáint roimh an tairseach nó ina dhiaidh ar RTÉ One agus RTÉ2:- d’fhéadfadh gur cláracha faisnéise breathnaitheacha leanúnacha a bheadh i gceist nó cláracha tráchtaireachta aonuaire.

Táimid ag lorg smaointe freisin do chláracha faisnéise aonuaire a d’fhéadfaí a chraoladh i sceidil RTÉ One agus RTÉ2; d’fhéadfadh siad sin a bheith bunaithe ar ábhar ar leith nó gur clár breathnaitheach a bheadh i gceist.

Tá suim ar leith againn i gcláracha Gaeilge a mbeadh leagan amach glan nua orthu chomh maith le hábhar ar leith nua-scríofa. Nílimid, sa chás seo, ag lorg cláracha próifíle ná beathaisnéise. Breithneofar go háirithe moltaí a bhainfeadh le hábhar a d’fhéadfaí a chraoladh ar níos mó ná ardán amháin agus a mbeadh míreanna coimhdeacha digiteacha ag gabháil leo.

Ba chóir gach moladh a bheith iomaíoch ó thaobh praghsála agus iarraimid go gcuirfeadh léiritheoirí a gcuid smaointe isteach, ar dtús, i gcóras ríomhChoimisiúnaithe RTÉ

https://e-commissioning.rte.ie/SWIFT.Web/skins/rte/login.aspx - faoin aicme clár Cláracha Gaeilge Education & Science “BAI”. Dé Céadaoin, 3ú Meitheamh ag 5 pm an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.

RTÉ Television has a strong reputation for quality programming in the Irish language and about the Irish language. We have long captured strong, unique issues, stories and voices and given them a platform in the heart of the RTÉ schedules, particularly on RTÉ One.

Recent output from Cláracha Gaeilge includes the long-running series Scannal, Abhainn and Cloch Le Carn, all of which are multi-part, single-camera series that are produced in-house and that have played primarily on Mondays, RTÉ One, at 1930. Over the last number of years we have also broadcast a number of co-produced and co-funded projects, among them Deirfiúracha Na hEolaíochta, [BAI], Oíche Na Gaoithe Móire [BBC N.I./ILBF/BAI], Guth na nGael [BAI] and Wolfland [RTÉ/BBC N.I./ILBF/BAI].

Ahead of the forthcoming Sound And Vision Round in July, Cláracha Gaeilge is now seeking proposals that can play in the RTÉ One and RTÉ 2 schedules. We are seeking fresh proposals that deal with all aspects of life and living in contemporary Ireland. Proposals should have strong stories and characters at their core, have broad audience appeal and should be produced in the Irish language.

Proposals can be for multi-part series that can be scheduled in pre and post-watershed on RTÉ One and on RTÉ 2. These can be ongoing observational documentaries or closed narrative pieces.

We are also seeking ideas for strong one-off documentaries that could play in the RTÉ One and RTÉ 2 schedules; - these can be issue based or observational.

We are especially interested in original formatted ideas in the Irish language and are also interested in distinctive, authored pieces. We are not, in this instance, seeking personal profiles or biographies. Special consideration will be given to proposals with dual-platform potential and digital accompaniments.

All proposals should be competitively and we request that, in the first instance, producers submit ideas into the RTÉ eCommissioning system

https://e-commissioning.rte.ie/SWIFT.Web/skins/rte/login.aspx - under the programme category Cláracha Gaeilge Education & Science “BAI”. The closing date for submissions is Wednesday, June 3rd at 5PM. (Strict Deadline)