Léirith Spéise chun daoine a ainmniú chuig Bord Theilifís na Gaeilge (TG4)

Thu 18th June 2015



Tá an Comhchoiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid ag iarraidh Léirithe Spéise ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus ar mian leo go mbreithneofaí iad lena gceapadh chuig Bord Theilifís na Gaeilge (TG4).

Déantar socrú san Acht Craolacháin, 2009 maidir le Bord 12 Chomhalta. Tá folúntas amháin ar an mBord faoi láthair agus, de réir Alt 81(2)(c), féadfaidh an Comhchoiste daoine a ainmniú lena gceapadh. Tiocfaidh post amháin eile chun bheith folamh san fhómhar.

Saineolas Comhaltaí Boird

Maidir leis an duine a cheapfar láithreach chun an folúntas reatha a líonadh, agus maidir leis na daoine a chuirfear ar an bpainéal, ba chóir go mbeadh taithí nó saineolas aitheanta acu ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí a liostaítear thíos nó go mbeadh teist orthu mar gheall ar a bhfuil déanta acu sna réimsí sin:

- gnóthaí na meán

- craolachán seirbhíse poiblí

- táirgeadh lánais craolacháin

- teicneolaíochtaí na meán digiteach

- gnóthaí ceardchumainn

- gnóthaí gnó nó tráchtála

- nithe a bhaineann le forbairt na Gaeilge

- nithe a bhaineann le míchumas

- ealaíona, ceol, spórt nó cultúr

- eolaíocht, teicneolaíocht nó nithe comhshaoil

- gnóthaí dlí nó rialála

- gnóthaí sóisialta, gnóthaí oideachais, gnóthaí pobail nó gnóthaí Gaeltachta.

Is ceanglas é chun bheith mar chomhalta den Bhord go mbeidh inniúlacht i gcumarsáid na Gaeilge ag na hiarrthóirí.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir d’iarrthóirí a bhfuil spéis acu sa chomhaltas seo Léiriú Spéise a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig jctc@oireachtas.ie, agus ‘Folúntas ar Bhord TG4’ mar ábhar air, agus ba chóir ráiteas oiriúnachta a cheangal leis an ríomhphost á shonrú cé acu de na critéir cheapacháin a chomhlíonann siad mar aon le CV gairid nach faide ná dhá leathanach.

Déanfar an painéal críochnaitheach d’iarrthóirí a n éiríonn leo a chinneadh bunaithe ar na hiarratais a chuirfear isteach agus tar éis breithniú ó phainéal roghnúcháin ar a mbeidh líon beag de chomhaltaí an Chomhchoiste.

Cuirfidh an Comhchoiste in iúl ansin don Aire cé hiad na daoine a molann sé go ndéanfaidh an tAire iad a ainmniú don Rialtas lena gceapadh don fholúntas láithreach agus don fholúntas atáthar ag súil a bheidh ar an mBord.

Tabhair do d’aire gur rud é, de réir Alt 81(2)(d) den Acht Craolacháin, 2009, nach bhfuil an tAire teoranta do cheapachán a mholadh as measc na ndaoine a léirigh spéis.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas Déardaoin, an 25 Meitheamh ag 5 i.n.

Ní ghlacfar le hIarratais/Léirithe Spéise i ndiaidh an dáta sin.

EXPRESSIONS OF INTEREST FOR NOMINATION TO STATE BOARD

The Joint Oireachtas Committee on Transport and Communications invites Expressions of Interest from suitably qualified persons who would like to be considered for appointment to the Board of Teilifís na Gaeilge (TG4).

The Broadcasting Act 2009 provides for a 12 Member Board. There is at present, one vacancy on the Board and, in accordance with Section 81(2)(c), the Joint Committee can nominate persons for appointment. One further position will become vacant in the autumn.

Board Member Expertise

The person to be immediately appointed to fill the current vacancy and those who will be placed on the panel should have experience, recognised expertise or a track record of contribution in one or more of the areas listed below:

- media affairs

- public service broadcasting

- broadcast content production

- digital media technologies

- trade union affairs

- business or commercial affairs

- matters pertaining to the development of the Irish language

- matters pertaining to disability

- arts, music, sports or culture

- science, technology or environmental matters

- legal or regulatory affairs

- social, educational or community affairs or Gaeltacht affairs.

It is a requirement for membership of the Board that candidates are able to communicate proficiently in the Irish language.

How to apply

Interested applicants should register an Expression of Interest by emailing jctc@oireachtas.ie, with the subject heading ‘TG4 Board Vacancy’, enclosing a statement of suitability, specifying which of the criteria for appointment they satisfy and a short CV of not more than two pages.

The finalised panel of successful applicants will be determined based on the applications submitted and following consideration by a selection panel comprising a small number of the Joint Committee members.

The Joint Committee will then advise the Minister of the persons it proposes that the Minister should nominate to Government for appointment for the existing vacancy and for the anticipated vacancy on the Board.

Please note, in accordance with Section 81(2)(d) of the Broadcasting Act 2009 that the Minister is not confined to recommending an appointment from amongst those who have expressed an interest.

The Closing date for applications is Thursday, 25 June at 5pm.

Applications/Expressions of Interest will not be accepted after that date.

The above content is a press release from the Houses of the Oireachtas