TG4 on Lá na Léiritheoirí 2015 - Inniu

Mon 29th June 2015



Tá athruithe suntasacha le déanamh ar struchtúr Clár sceidil TG4 ó Fhómhar 2016 ar aghaidh agus beidh athruithe dá réir ar riachtanais chláir choimisiúnaithe an chlár sceidil.

Tá na riachtanais nua seo le fógairt i mbabhta coimisiúnaithe cláir go gairid. Beidh spriocdháta 1 Deireadh Fómhair 2015 leis an mbabhta sin.

Tabharfar eolas cuimsitheach agus sonraí go leor faoin mbabhta coimisiúnaithe sin agus faoin gClár sceideal nua ag Lá Eolais do léiritheoirí agus do sholáthraithe clár TG4 ar an Mháirt 30 Meitheamh seo chugainn in seo chugainn i gColáiste na Trionóide, Robert Emmet Theatre,Mar aon le cur i láthair ó fhoireann Choimisiúnaithe TG4, beidh cur i láthair ag an seisiún eolais seo freisin ó fhoireann Sceidil, Mhargaíochta agus Thaighde Lucht Féachana na seirbhíse.

Beidh cur i láthair gearr freisin ann ó ionadaithe na gcistí chómhaoinithe clár a oibríonn go dlúth le TG4 – Ciste Craoltóireachta an Tuaiscirt (ILBF) agus Fís agus Fuaim Údarás Craolacháin na hÉireann. Beidh cur i láthair ann freisin ar na deiseanna nua infheistíochta agus tacaíochta atá ar fáil do thograí áirithe teilifíse faoi scéimeanna tacaíochta faoi réir Alt 481.

Seo cuireadh duit a bheith i láthair linn ag an seisiún tábhachtach eolais seo.

Le áit a chur in áirithe duit féin/dod chomhlacht ar an lá, ní mór r phost a sheoladh chuig annamarie.nic.dhonnacha@tg4.ie roimh an 22ú Meitheamh.

Tá an spás teoranta. Glacfar le áirithint ó bheirt ar a mhéid ó chomhlacht léirithe neamhspleách.

Date : 30th June 2015 Time : 1:30pm – 3:30pm Venue : Robert Emmet Theatre, Trinity College RSVP :(by 22nd June): annamarie.nic.dhonnacha@tg4.ie

Structural and editorial changes planned for TG4’s programme schedule from Autumn 2016 onwards will impact on the programme requirements of the next commissioning round which will be advertised in early summer 2015 with a closing date of 1st October 2015.

Details of these new changes and the programme schedule ambitions that underpin them will be outlined to producers and content suppliers at an information day on Tuesday 30th June in the Robert Emmet Theatre, Trinity College.

At this important session, TG4’s commissioning team will explain the detail of the new commissioning round. Representatives from the channel’s Scheduling team as well as from the Marketing and Audience research teams will also present the background to these changes and the rationale behind them.

The two main external funders of TG4 content who work closely with the channel the BAI - Sound and Vision and Northern Ireland Irish Language Broadcast Fund (ILBF) will also attend and make short presentations.

The Guidelines for the new TV content aspects of the revised Section 481 investment and support schemes will also be outlined at the session.

Places are limited. You can reserve a place in this seminar, please reply by email to annamarie.nic.dhonnacha@tg4.ie, by 22nd June. (Two places max per independent production company.)