Call for Ideas | Cláracha Gaeilge - Sraith Siamsaíochta TG4

Sun 12th July 2015



RTÉ ag fáiltiú roimh aighneachtaí maidir le cláir ar TG4 in 2016 faoin gcatagóir

"Cláracha Gaeilge Oideachas/Eolaíocht - Sraith Siamsaíochta"

Tá RTÉ ag lorg tograí maidir le sraith siamsaíochta réamhthaifeadta stiúideo-bhunaithe i nGaeilge. Is ar TG4 a chraolfar na cláracha agus tá sé i gceist na sraitheanna a chraoladh le linn bhuaicam an sceidil ar an deireadh seachtaine.

Am sa Sceideal: TG4, Dé Domhnaigh 20:30

Líon Clár: 26

Fad Cláir: 50 nóiméad

Buiséad: Suas go dtí €32,000 ar a mhéid in aghaidh na huaire (€832k Iomlán)

Déanann TG4 freastal ar a phríomhlucht féachana tráthnóna Dé Domhnaigh ar am é don teaghlach ar fad. Am tábhachtach é i sceideal TG4 agus ní mór ábhar a bheith tarraingteach do thuismitheoirí agus do leanaí agus iad ar a sáimhín só tráthnóna Dé Domhnaigh. Ba chóir gur ábhar a mbeadh súil ag an teaghlach ar fad breathnú air san oíche Dé Domhnaigh a chuirfí chun cinn.

Táimid ag lorg smaointe nua do shraith siamsaíochta teaghlaigh stiúideo-bhunaithe a d'fheilfeadh an t-am seo sa sceideal agus a d'fhéadfaí a thaifeadadh os comhair lucht féachana sa stiúideo. Cad is ábhar siamsaíochta ann ag leanaí agus daoine fásta in Éirinn in 2016 agus a bhféadfaí seó láidir sainiúil a dhéanamh as agus é a thabhairt ar ais arís agus arís eile? D'fhéadfadh sé gur seó réalaíoch, tallainne nó comórtais a bheadh ann ach gur chóir meascán gnéithe a bheith i gceist - greann, ceol, comórtas, contúirt, teannas agus teicneolaíocht.

Is mian linn coimisiúnú a dhéanamh ar 2-3 shraith a mbeadh 26 clár i ngach sraith díobh le craoladh ag an am seo in Earrach agus i bhFómhar 2016. Tabhair ar aird go gcuirfear suntas ar leith in aon sraith a léireofar ar bhealach costas-éifeachtach agus a mbeadh costas níos ísle in aghaidh na huaire ag baint léi.

Ba chóir go n-ainmneofaí láithreoir/tallann nua cumasach do shraitheanna dá leithéid in aon smaointe a chuirfí chun cinn.

Iarraimid ar léiritheoirí a gcuid smaointe a chur ar aghaidh ar dtús ar an gcóras ríomhchoimisiúnaithe:

https://e-commissioning.rte.ie

faoin gcatagóir "Cláracha Gaeilge Oideachas/Eolaíocht - Sraith Siamsaíochta"

An 12.00 an 14ú Lúnasa, 2015 an dáta deiridh a nglacfaidh RTÉ le haighneachtaí.

Block error: "Undefined variable: kirby" in block type: "spacer"

RTÉ invites submissions for TG4 programming, 2016, under the category

"Cláracha Gaeilge Education/Science - Entertainment Series"

RTÉ is seeking proposals for pre-recorded studio-based entertainment series in the Irish Language. These series are intended to play in the prime-time schedule at weekends and the programmes will be broadcast on TG4.

Transmission Slot: TG4, Sunday 20:30

No. of Episodes: 26

Programme Duration: 50 minutes

Budget: To a maximum of €32,000 per hour (Total €832k)

Sunday evening on TG4 focuses on it's core audience and is traditional family viewing time. It's a key slot in the TG4 schedule and needs to engage and entertain both parents and children as they relax on Sunday evenings. Series proposed for this slot should be 'appointment to view' for families on Sunday nights.

We are looking for new ideas for studio-based family entertainment series that could work in this slot and be shot in front of studio audiences. What entertains children and adults in Ireland in 2016 and can deliver a strong, returnable show with a recognisable brand ? It could be a reality, talent, panel or competition based show but should incorporate a mix of elements such as humour, music, competition, jeopardy, interactivity, tension and technology.

We would like to commission 2-3 series totalling 26 episodes for this slot to be broadcast in the Spring and Autumn of 2016. Please note that series produced in a cost-effective manner and that can achieve a lower cost per hour will be particularly attractive.

Strong new presenter/on-screen talent for such series should be key to any ideas pitched as part of this call for ideas.

We ask, in the first instance, that producers submit ideas into the eCommissioning system:

https://e-commissioning.rte.ie

under the programme category "Cláracha Gaeilge Education/Science - Entertainment Series"

The closing date for receipt of submissions by RTÉ is 12.00 on August 14th, 2015.

The above contect is from RTÉ http://www.rte.ie/commissioning