Cód Cleachtais Cóirthrádála / Code of Fair Trading Practice

Mon 15th March 2021



Cód Cleachtais Cóirthrádála comhaontaithe ag TG4 agus Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann den chéad uair.

Tá sé fógartha ag TG4 agus ag Léiritheoirí Scáileán na hÉireann inniu go bhfuil Cód Cleachtais Cóirthrádála comhaontaithe idir an dá pháirtí. Faoi Alt 112 (1) den Acht Craolacháin 2009, ceanglaítear ar TG4 Cód Cleachtais Cóirthrádála a bheith aige ina leagtar amach na prionsabail a mbeidh feidhm acu nuair atá bunábhar clár ó léiritheoirí neamhspleácha á choimisiúnú. Is é seo an chéad chomhaontú dá leithéid idir Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann agus TG4.

Is ionann branda TG4 agus a rá go bhfuil ábhar láidir cruthaitheach Gaeilge ann. Tá earnáil na léiriúchán neamhspleách a fhorbairt agus a neartú lárnach i straitéis cúig bliana TG4.Trí chomhpháirtíocht leis an earnáil físe agus fuaime, cuireann TG4 ar chumas léiritheoirí ábhar de scoth an domhain a chruthú agus tacú le fás eacnamaíoch in Éirinn. Fáiltíonn TG4 roimh an gcur chuige comhpháirtíochta seo le Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann mar bhealach lena chinntiú go gcuirtear cláracha d'ardchaighdeán ar fáil do lucht féachana TG4 anseo sa bhaile agus thar lear agus lena chinntiú chomh maith go leagtar amach cleachtais trádála ina mbaintear an úsáid is éifeachtaí agus is féidir as airgead poiblí.

Tá an Cód Cleachtais Cóirthrádála ceadaithe ag an BAI agus ag Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Áirítear ar na príomhphointí a comhaontaíodh sa Cód Cleachtais Cóirthrádála:

  • Coinneoidh cuideachtaí léiriúcháin an cóipcheart chomh maith leis na cearta dáileacháin maidir le cláracha a léirítear do TG4.  
  • Beidh cearta ilardáin ag TG4 i ndáil le cláracha a choimisiúnaítear ar feadh tréimhse 5 bliana.
  • Beidh an chéad rogha ag TG4 ceadúnas a fháil arís maidir leis na cearta Ilardáin go ceann 5 bliana eile nuair a bheidh táille breise íoctha leis an Léiritheoir. 
  • Cuirfidh TG4 na cláracha ar fáil ar ardáin éagsúla agus ar sheinnteoir TG4 ar fud an domhain chun aitheantas a thabhairt do ról TG4 mar sheirbhís Ghaeilge dhomhanda. 
  • Roinnfear an brabús dáileacháin idir TG4 agus an chuideachta léiriúcháin.

Chuir an tAire Catherine Martinfáilte roimh an bhfógra agus dúirt "Soláthróidh an comhaontú seo an bhunchloch don chomhoibriú leanúnach idir TG4 agus an earnáil neamhspleách chlosamhairc lena chinntiú go mbeidh teacht ag lucht féachana na hÉireann ar ábhar Gaeilge d'ardchaighdeán agus go mbeidh tacaíocht leanúnach ann do phoist san earnáil sin go háirithe sna réigiúin."

Is éard a dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont,"Tá TG4 tugtha go hiomlán d'oibriú ar bhealach cothrom chun tacú le forbairt agus méid na hearnála closamhairc. Mar Fhoilsitheoir / Craoltóir, creideann TG4 sa chomhluach ollmhór a chruthaítear trína chomhpháirtíocht shiombóisiach leis an earnáil léiriúchán neamhspleách. Is gealltanas atá sa Chód Cleachtais Cóirthrádála seo le Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann oibriú leis an earnáil ar bhealach atá cóir agus ionraic. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do gach páirtí i TG4 agus in SPI i ndáil leis an gcomhaontú seo a chur i bhfeidhm."

Dúirt Susan Kirby, Príomhfheidhmeannach Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann,"Beidh trédhearcacht agus cothromas níos fearr ann i ndáil leis an gcaidreamh atá idir léiritheoirí neamhspleácha Gaeilge agus an craoltóir mar gheall ar na Téarmaí Trádála nua seo idir SPI agus TG4. Rachaidh sin chun leasa cruthú ábhair agus inbhuanaitheacht agus fhorás earnáil na Gaeilge. Cruthaíonn ár gcuid léiritheoirí ábhar ar ardchaighdeán a mbíonn lucht féachana TG4 ag súil leis agus táimidne ag iarraidh tacú leis an méadú leanúnach atá ar a chuid lucht féachana ar gach ardán. Déanfaidh Coiste nuachruthaithe Gaeilge an SPI monatóireacht chomh maith ar chur i bhfeidhm na dTéarmaí Trádála lena chinntiú go bhfuil gach páirtí sásta leis an tslí atáthar ag cur an chóid i bhfeidhm."

TG4 and Screen Producers Ireland agree a Code of Fair Trading Practice for the first time.

TG4 and Screen Producers Ireland announced today a Code of Fair Trading Practice agreed between both parties. Under Section 112(1) of the Broadcasting Act 2009, TG4 is required to have a Code of Fair Trading Practice which sets out the principles that apply when commissioning content from independent producers. This is the first agreement of its kind between Screen Producers Ireland and TG4.

TG4’s brand is synonymous with strong, creative Irish content. Developing and strengthening the independent production sector is central to TG4's five-year strategy. Through partnership with the audio-visual sector, TG4 enables the creation of world class content and supporting economic growth in Ireland. TG4 welcomes this partnership approach with Screen Producers Ireland as a means of ensuring quality programming for Irish audiences both at home and abroad and ensuring that trading practices are devised to deliver the most efficient use of public money.

The Code of Fair Trading Practice has been approved by the BAI and by Catherine Martin, Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media.

Key points agreed in the Code of Fair Trading Practice:

  • Production companies shall retain copyright and distribution rights in programming produced for TG4.  
  • TG4 will have Multiplatform rights for commissioned programmes for a 5 year period.
  • TG4 will have a first option to re-licence the Multiplatform rights for a further 5 years on payment to the Producer of a further fee. 
  • The programmes will be made available by TG4 on multiple platforms and on the TG4 player worldwide recognising TG4's role as a worldwide Irish Language Service. 
  • Distribution profits are divided between TG4 and the production company.

Minister Catherine Martin welcomed the announcement saying "This agreement will provide the foundation for continued cooperation between TG4 and the independent audiovisual sector ensuring the availability of quality content for Irish audiences and continued support for jobs in the industry particularly in the regions."

CEO of TG4 Alan Esslemont said, "TG4 is fully committed to working in an equitable manner to support the development and scale of the audio-visual sector. As a Publisher-Broadcaster,TG4 believes in thesignificant mutual value created by itssymbiotic partnership with the independent production sector. The Code of Fair Trading Practice agreed with Screen Producers Ireland is a commitment to work with the sector in a fair and honest manner. I would like to thank all parties in TG4 and SPI for bringing this agreement about."

Susan Kirby, CEO of Screen Producers Ireland said, "The new Terms of Trade between SPI and TG4 bring greater transparency and equity to the relationship between independent Irish language producers and the broadcaster. This will benefit the creation of content and the sustainability and growth of the Irish language sector. Our producers create the high-quality content that TG4 viewers expect to see and we want to support the continued growth of their audiences across all platforms. SPI’s newly created Irish Language Committee will also monitor the implementation of the Terms of Trade to ensure that all parties are satisfied with how the code is being implemented.”