Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann (SPI) san Oireachtas

Wed 14th December 2022



Ar an 7ú Nollaig 2022, phlé Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge’ le hionadaithe Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann (SPI).

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an earnáil léiriúcháin Ghaeilge lárnach do chur chun cinn na Gaeilge in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is earnáil ar leith í an earnáil Léiriúcháin Ghaeilge, ní amháin ar son na Gaeilge, ach ar son na healaíona agus ar son na fostaíochta. Tairgíonn an earnáil seo tairgí den scoth do phobal na hÉireann, feidhmíonn sí mar ionadaí na tíre ar an stáitse idirnáisiúnta, agus cruthaíonn sí poist shár-oilte, dea- íochta in Éirinn. Is cuid lárnach den Éire nua-aoiseach na hearnála léiriúcháin ina hiomláine’

Mar chuid dá cur i láthair, thagair Susan Kirby, Príomhfheidhmeannach SPI, don ‘Bhorradh Réigiúnach’.

Dúirt Kirby gur thacaigh an beart sin le léiriúcháin ar fud na tíre agus go raibh Gaillimh, Ciarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo i measc na n-áiteanna is mó a bhain leas as. Bíonn costais níos mó ag baint le hábhar a léiriú sna ceantair réigiúnacha, a dúirt Kirby, ach cé go raibh ag éirí leis an mbeart, tá an creidmheas cánach laghdaithe ó 5% go dtí 3% le cúpla bliain anuas. Chuir SPI fáilte roimh an maoiniú breise a bhí faighte ag TG4 le blianta beaga anuas agus an scéal go raibh Cúla4 le bunú mar chainéal ann féin.

Bhí Irial Mac Murchú, Príomhfheidhmeannach Nemeton, agus Gavin Halpin, Stiúrthóir Bainistíochta Paper Owl Films, i láthair ag an gcruinniú I dTeach Laighean agus dúirt an beirt go raibh straitéis nua de dhíth chun daoine a mhealladh isteach in earnáil léiriúcháin na Gaeilge má bhí an earnáil le dul san iomaíocht go hidirnáisiúnta.

Táimid thar a bheith sásta leis an gclúdach a rinneamar ar ár gcuma sna meáin, ina raibh feasachán tábhachtach ar nuacht TG4.

Léigh ár n-aighneacht.

SPI at the Oireachtas

SPI representatives presented to the Committee on the Irish Language, Gaeltacht and the Irish-speaking Community last Wednesday, 7th December 2022.

Chairperson of the Committee, Aengus Ó Snodaigh, TD ‘I welcome the opportunity to hear from industry representatives’ and continued, ‘The Independent Production sector is Central to contemporary Ireland, while also celebrating our language and Cultural heritage, it provides high value regional employment.’

Susan Kirby, called for an extension to the Regional Uplift, saying that productions in Galway, Kerry, Donegal and Mayo were among the places that benefited the most. Showing content in regional areas costs more, Kirby said, but while the measure has been successful, the tax credit has been reduced from 5% to 3% in the last few years.

SPI welcomed the increase in TG4 funding in recent years, and the establishment of a New children’s channel Cúla4.

Irial Mac Murchú, Chief Executive of Nemeton, and Gavin Halpin, Managing Director of Paper Owl Films, were present at the meeting in Leinster House and both said that a new strategy was needed to attract people into the Irish language production sector if it’s to compete internationally.

We're delighted with the coverage of our appearance in the media, which included an important bulletin on TG4 news here.

Read our submission here.